Lá Glas

18th Mar, 2025

Bhí ‘Lá Glas’ againn ar scoil Dé hAoine seo caite, agus rinne gach duine an-iarracht leis na héadaí glasa a chaitheamh. Ba chríoch iontach é le Seachtain na Gaeilge. Bhain na páistí taitneamh as amhránaíocht, drámaíocht, filíocht, damhsa, fiche ceist, srl. i rith na seachtaine. Comhgairdeas le gach duine a ghlac páirt agus le gach duine a bhuaigh duaiseanna i rith na seachtaine. Maith sibh go léir!